An Dr. Seán P. Ó Conchúir, N.T., B.A., H.D.E., D.G.C., A.T.G., M.Ed. [Dub]., M.A. [h.c.] [Dub]., M.A. [N.U.I.]., Ph.D., [N.U.I.]
Taithí shaoil aige sa teagasc [trí Ghaeilge agus tri Bheárla] mar bhunmhúinteoir, iarbhunmúinteoir agus leáchtóir le hOideachas is Modheolaíocht na Gaeilge ó 1973- 2003 i gColáiste na Tríonóide, B.Á.C.
Ina údar agus comhúdar ar roinnt mhaith leabhar is altanna ar chúrsai teanga agus gairmeacha. Faoi láthair ina thaighdeoir agus léachtóir san Oideachas agus Modheolaíocht na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, BÁC,(ó 1986) Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad (1990) agus go hócáidiúil i bhforais oideachais eile sa bhaile agus i gcéin. (Paris X, Newcastle agus Coláiste Rhode Island, S.A.M.)
An Dr. Daithí Ó Murchú. Is príomhoide Gaelscoile é an Dr. Daithí Ó Murchú sa Chaisleán Nua Thiar, Contae Luimnigh. Tá cuid mhaith ama caite aige ag obair sa Roinn Oideachais i gColáiste na Trionóide, Baile Átha Cliath, agus i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach. Chaith sé tamaill mar saoi cultúrtha agus teicneolaíochta le MyEurope sa Bhruiséil agus 'sna Stáit Aontaithe freisin. Bíonn sé ag feidhmiú mar oiliúnóir don NCTE agus do CMÉ ar chúrsaí teicneolaíochta agus tá cuid mhaith bogearraí cruthaithe aige do bhunscoileanna agus do dhaoine fásta. Faoi láthair tá sé mar uachtarán ar choiste na mhionteangacha daonra le SITE i Meirceá, agus tá staidéar ar leith á dhéanamh aige le hOllscoil AAU, Aalborg sa Danmhairg ar suíomhanna e-fhoghlaim do mhúineadh na dteangacha ar fud an Domhain.
Leasaithe do na cúrsaí samhraidh ag Coláiste Hibernia.